Tithe Saoire An Atlantaigh Fhiáin Charraig Fhinn

Tá ár dtithe saoire féinfhreastail uilig suite ar Leithinis Charraig Fhinn in Iarthar Thír Chonaill. Tá ainm Gaeilge ar gach teach lena n-ionad sa Ghaeltacht a léiriú. Tá siad ar fáil le cur in áirithe ar bhonn seachtaine. Tá éadaí leapa úra galánta ardchaighdeáin le fáil i ngach seomra leapa i ngach teach. Mar pholasaí, níl cead peataí a thabhairt isteach sna tithe agus tá cosc ar thobac iontu chomh maith.

Tá na tithe saoire cóngarach go leor dá chéile agus, mar sin de, fóireann siad do ghrúpaí beaga nó do theaghlaigh mhóra níos mó ná teach amháin a chur in áirithe. Dún Masc agus Dún Ramhar is cóngaraí dá chéile, gan eatarthu ach 80 méadar agus tá Ard Mór thart faoi 600 méadar síos an bealach.

radharc fada, fairsing farraige ag na tithe saoire uilig agus iad faoi thiomáint cúpla bomaite nó siúl deas réidh ó:-

  • Trá Bhrait Ghoirm Charraig Fhinn
  • Trá na mBád
  • Aerfort Dhún na nGall

Faoi thiomáint 5 bhomaite tá sráidbhailte Anagaire agus Chionn Caslach. Tá an Clochán Liath 15km uainn agus tá Leitir Ceanainn, príomhbhaile Dhún na nGall 55km ar shiúl.

Dun Masc

Dun Masc

Seomraí Leapa: 3
Áit Do: 5
Rátaí: €400 – €520 sa tseachtain
Radharc Farraige

Dun Ramhar

Dun Ramhar

Seomraí Leapa: 4
Áit Do: 7
Rátaí: €500 – €580 sa tseachtain
Radharc Farraige

Ard Mór

Ard Mór Carrickfinn Donegal

Seomraí Leapa: 4
Áit Do; 8
Rátaí: €500 – €650 sa tseachtain
Radharc Farraige

Suíomh