Céad Míle Fáilte

Táirgeann Tithe Saoire an Atlantaigh Fhiáin Charraig Fhinn rogha tithe féinfhreastail den scoth i gceantar maorga cladaigh i gcroílár Ghaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonaill. Cuirtear fáilte chroíúil roimh ár gcuid aíonna agus ní fada go mothaíonn siad agus faoi chúram speisialta. Iad siúd a roghnaíonn fanacht anseo, tig leo bheith cinnte de thithe saoire a bheidh compordach, úr, sábháilte ina bhfuil trealamh, troscán agus áiseanna ardchaighdeáin eile.

Tá na tithe saoire cois farraige seo uilig dírithe ó dheas, tá bealach isteach príobháideach acu agus iad suite ar shuíomh ard a chinntíonn go mbainfidh cuairteoirí sult as éirí glórmhar gréine, luí suaimhneach rósach gréine, radharc glan amach ar an Aigéan Atlantach, ar na hoileáin, tránna, an deán, an t-inbhear, an cladach, na sléibhte agus ar spéır dhraíochta na hoíche. Is Limistéar Sáráilleachta Nádúrtha í An Charraig Fhinn, agus stádas Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta aici agus í san áireamh mar cheantar Oidhreacht Nádúrtha.

Trá Brait Ghoirm Charraig Fhinn chomh maith le tránna áille eile uilig faoi fhad siúil – is féidir tiomáint agus páirceáil fosta. Tá na tithe saoire suite go foirfe do chuairteoirí ar mian leo sult a bhaint as an saol faoin spéir, as cultúr na háite, as ceol traidisiúnta na hÉireann agus as an Gaeilge, nó dul a thaiscéaladh sna cnoic, sna sléibhte agus ar na tránna , cuairt a thabhairt ar na hoileáin mhara agus go leor ionaid shuimiúla eile i dTír Chonaill agus sna contaetha taobh léi – sin nó go díreach bheith ar do shuaimhneas in áit ghalánta, chiúin, shíochánta.

Tig le haíonna Tithe Saoire an Atlantaigh Fhiáin Charraig Fhinn bia agus seirbhísí eile a cheannach in Anagaire, atá ar na gaobhair, áit a bhfuil cógaslann, ionad sláinte, teach ósta, bialanna, oifig an phoist, siopa áise agus stáisiún peitril / garáiste cóirithe carranna. Tá Aerfort Dhún na nGall 2 bhomaite sa charr ó Dhún Masc nó Dhún Ramhar agus 3 bhomaite ó Ard Mór.

Ár dTithe Saoire

Dún Masc

Dun Masc

Seomraí leapa: 3
Áit do: 5
Ráta: €400 – €520pw
Radharc Farraige

Dún Ramhar

Dun Ramhar

Seomraí leapa: 4
Áit do: 7
Ráta : €500 – €580pw
Radharc Farraige

Ard Mór

Ard Mór

Seomraí leapa: 4
Áit do: 8
Ráta : €500 – €650pw
Radharc Farraige

Ár gCeantar

An Charraig Fhinn

Carrickfinn-Peninsula

Tá clú ar leithinis álainn Charraig Fhinn as a éiceachóras ar leith agus as an Trá Bhrait Ghoirm álainn

Slí An Atlantaigh Fhiáin

Wild Atlantic Way

Is bunáit ar dóigh iad na tithe saoire le Slí an Atlantaigh Fhiáin a thaiscéaladh in Iarthar Thír Chonaill

Ábhair Shuime

Cycling in Carrickfinn

Sa cheantar thart ar an Charraig Fhinn, tá tóir ar: siúlóidí, iascaireacht, spóirt uisce agus galf

© Carrickfinn Wild Atlantic 2016 | Registered in Ireland No. 532045 | Website by VisitDonegal
© Atlantach Fiáin Charraig Fhinn 2016 | Cláraithe in Éirinn, Uimh. 532045 | Suíomh Gréasáin le VisitDonegal